SEAS '21
22ú agus 29ú Meán Fómhair 2021
Is deis iontach í SEAS le labhairt le polaiteoirí ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe na héilimh a bhaineann le cáinaisnéis 2021 agus ceisteanna áitiúla a ardú leo. Cuir scéal chuig Conradh na Gaeilge ag seas@cnag.ie chun seasamh linn, beidh na cruinnithe ar fad ar Zúm.
Tá an leagan is déanaí don.... Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht ANSEO
Moltaí chun an Bille Teanga a láidriú
-
Go leagfar síos sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad de na hearcaithe nua i gcomhlachtaí poiblí inniúil ar an nGaeilge faoin 31 Nollaig 2030
-
Cé go mbeidh orainn fanacht a fhad le 3 bliana eile go dtí mbeidh an Plean Náisiúnta réidh, beidh oibleagáid ar an Aire, den chéad uair riamh, dátaí a shonrú le rialachán a sholáthróidh gach seirbhís phoiblí i ngach ceann ar leith de na 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta arna mbunú faoi Acht na Gaeltachta, 2012 seirbhísí trí mheán na Gaeilge
-
Go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht a dhéanamh sna meáin Ghaeilge
-
Go mbeidh ‘síneadh fada’ ar fáil i ngach córas TFC a oibríonn comhlachtaí poiblí
-
Go mbeidh ar oibreoir tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí faoi chonradh do chomhlacht poiblí socrú a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge mar chuid de na seirbhísí sin
-
Go mbeidh ainmneacha ar chomhlachtaí reachtúla nua-bhunaithe as Gaeilge amháin
-
Go mbeidh ionadaíocht ag pobal na Gaeilge agus ag pobal na Gaeltachta ar an gCoiste Comhairleach
-
Go mbeidh gach lógó ag gach comhlacht poiblí as Gaeilge nó as Gaeilge agus as Béarla laistigh de 3 bliana
-
Go mbeidh ábhair margaíochta na gcomhlachtaí Stáit as Gaeilge chomh maith amach anseo
Aire Sinsearach na Gaeilge
agus na Gaeltachta atá uainn
Táimid 9 mbliana gan Aire Sinsearach agus tá cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta ag fulaingt.
SEO Í AN DEIS (seans nach mbeidh sé againn ar feadh 5 bliana eile!).
Labhair amach roimh an Satharn 27 meitheamh 2020.
-
Tá Aire Sinsearach na Gaeilge agus na Gaeltachta uainn (ní Aire stáit/Príomhaoire/Sár-Aire sóisearach)
-
Agus an tAire Sinsearach sin freagrach go díreach as buiséad an mháthair-ranna ina bheidh Roinn na Gaeltachta lonnaithe
Breis eolais ag an nasc seo as Gaeilge agus ag an nasc seo as Béarla
Déan teagmháil le do pholaiteoirí áitiúil agus iarr orthu labhairt go práinneach len a cheannaire.
Is fearr glaoch fóin a chur ar oifigí na bpolaiteoirí nó cuir ríomhphost mura féidir leat.
Tá sonraí teagmhála na bpolaiteoirí ón trí pháirtí de réir Dáilcheantar ar fáil anseo
agus Comhairleoirí Contae anseo https://ciarrai.ie/gcomhairleoiri/
-
An Comhaontas Glas: eamon.ryan@oireachtas.ie le cc. chuig peter.kavanagh@greenparty.ie
-
Fianna Fáil: micheal.martin@oireachtas.ie le cc. chuig dara.calleary@oireachtas.ie
-
Fine Gael: leo.varadkar@oireachtas.ie & taoiseach@taoiseach.gov.ie le cc. chuig sean.kyne@oireachtas.ie
Seoil post nó/agus tuít ar na meáin shóisialta agus clib an trí cheannaire, an trí pháirtí agus, más mian leat, do pholaiteoirí áitiúil sa post/tuít (sonraí ainmneacha twitter na bpolaiteoirí ar fáil anseo).
Bain úsáid chomh maith as na haischlib #AireSinsearach #Anois ar Twitter agus Facebook. Ar Instagram, tá gréamán / gif (má chuairtíonn tú an focal Gaeilge ba chóir go dtiocfadh se suas) ar fáil ann den haischlib #AireSinsearach #Anois gur fiú a úsáid.
-
Eamon Ryan - @EamonRyan @GreenParty_ie
-
Micheál Martin - @MichealMartinTD @FiannaFailParty
-
Leo Varadkar - @LeoVaradkar @FineGael
Bheadh sé go maith más féidir leat athtuít a dhéanamh ar an snáithe seo chomh maith.