Acht na dTeangacha Oifigiúla
Bille 2019 (leasú)
Leasú i dtaobh na hearcaíochta
Go mbeidh an sprioc de 20% bainte amach faoi 2030
168. I leathanach 21, línte 20 agus 21, “a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “faoin 31 Nollaig 2030” a chur ina ionad.
Gearóid Mac Fhionnáin.
161. I leathanach 21, línte 14 go 22 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2030,
(b) an líon seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus
(c) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, faoin 31 Nollaig 2030, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.”
Bríd Nic Gabhann.
162 (cuid c) Seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht:
Le cinntiú go mbeidh spriocdháta ann go mbeidh seirbhísí ón Stáit sa Ghaeltacht curtha ar fáil trí Ghaeilge faoi 2030161
Cad is féidir leatsa déanamh?
Is léir ón aiseolas faighte againn ó na polaiteoirí le coicís anuas go raibh go leor daoine i dteagmháil leo faoin dá ábhar seo agus go bhfuil seo ag imirt tionchar. Mar a dúradh an uair deireanach, is próiseas é seo agus caithfear an brú a choinneáil ar an Rialtas leis an mBille a láidriú go suntasach. Nílimid ag súil go nglacfar leis na leasuithe ag céim an Choiste ach go mbeidh siad san áireamh ag céim na tuarascála de bharr an bhrú a cuirtear.
Tá liosta thíos de na Teachtaí Dála is mó atá ag plé leis an mBille agus eolas teagmhála dóibh le sonraí twitter san áireamh an uair seo. Bheadh sé iontach cabhrach dá bhféadfá teachtaireacht eile a chur chucu nó iad a chur san áireamh i tuít/post ar na meáin shóisialta, go háirithe chuig na hAirí agus na TD i bpáirtithe an Rialtais, le do thoil: