top of page

Cúrsa nua Gaeilge don Ardteist

Comhairliúchán Phoiblí

Tá an chomhairliúchán phoiblí faoi na sonraíochtaí ardteiste T1/T2 le críochnú go luath. D'fhéadfadh an córas molta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta dochair thubaisteach a dhéanamh don oideachas ag leibhéal na hardteiste agus droch-tionchar amach is amach a imirt ar dhaltaí scoile. Níl an córas molta cothrom ar na daltaí, ar thuismitheoirí nó ar mhúinteoirí sna scoileanna.

 

Bheadh sé iontach dá bhféadfá aighneacht (agus nuair a dheirim aighneacht, ní gá ach ríomhphost le do thuairimí a chur ar aghaidh) a chur chuig comhairliuchanT2@ncca.ie

nó comhairliuchanT1@ncca.ie roimh 30 Samhain 2021. Is féidir cúpla líne a scríobh nó aiste fada! 

 

Tá cúpla bunphointe thíos gur féidir a úsáid más mian leat. Chomh maith leis sin, tá breis eolais ar leathanach amháin ó Ghaeloideachas ar fáil anseo agus cóip den phlécháipéis a chuir Fíona Uí Uiginn agus Áine Hyland le chéile ar fáil anseo. Tá eolas ón gcoiste oideachais ag plé leis an gceist seo le tamall de mhíonna ar fáil anseo.

 

Beidh tábhacht nach beag ar gach aighneacht agus ríomhphost a chuirtear isteach.

Julian de Spáinn

Conradh na Gaeilge

 

bottom of page