
Imeachtaí i gCiarraí

Éigse na Brídeoige '23
3, 4, 5 Feabhra '23 in Uíbh Ráthach
Seo an 31ú Éigse ag comóradh oidhreacht agus saíocht Uíbh Ráthaigh. I mbliana beidh duine de laochra ceoil Uibh Ráthaigh, Seán Garvey, á chomóradh agus á cheiliúradh.
Gach eolas: fdebuis@gmail.com nó 0872931463
Anois teacht an Earraigh
Beidh an lá ag dul chun síneadh
Is tar éis na Féile Bríde...

Ciorcal Comhrá
Gach Céadaoin, Trá Lí - 8.30in
Ciorcal Comhrá i dtábhairne an Óstán Meadowlands, gach Céadaoin @ 8.30 pm.
Gach eolas ó padraigmacfhearghusa@gmail.com
Arna eagrú ag Craobh Thrá Lí, Conradh na Gaeilge,
Pádraig Mac Fhearghusa, cathaoirleach
Nóírín Ó Dálaigh, rúnaí

Maidin Chaifé
Bígí linn do bhraon tae/caifé san
Óstán Meadowlands, Trá Lí,
ar a 11.00 a.m. gach Dé Máirt.
Gach eolas ó padraigmacfhearghusa@gmail.com
Arna eagrú ag Craobh Thrá Lí, Conradh na Gaeilge,
Pádraig Mac Fhearghusa, cathaoirleach
Nóírín Ó Dálaigh, rúnaí

Turas Báid le Gaeilge go Daimhinis
Dé Sathairn, 20 Lúnasa '22 ag 11.00 a.m.
Turas Báid le Gaeilge go Daimhinis (Dinish Island) ó Mhucros.
Teacht le chéile ag an mbealach isteach go Carrchlós na mBus, Teach Mhucrois ag a 11.00 a.m. Siúlóid ghairid agus beidh tamall maith againn thall ag Dinis Cottage.
Costas ar an mbád: €16 (fillte). Páistí €8.
Éinne a bhfuil suim acu chuir r-phost nó téacs go luath go... Risteard Mac Fhlancaigh ag
info@killarneyguidedwalks.com & 087 639 4362.

Féile Cheoil & Ealaíon i gCathair Saidhbhín
Aoine 29 Iúil
2.00-2.45 Léitheoireacht/ Scéalaíocht Gaeilge do pháistí sa Leabharlann
2.45-4.00 Spraoi le Lego trí Ghaeilge sa Leabharlann
4.00-5.00 Ceardaíocht trí Ghaeilge, Oifig le hais na Leabharlainne.
Ní gá clárú roimh ré – Tar isteach le do pháiste le Banda Muinchille na Féile (€5 do pháistí) ar fáil timpeall an bhaile i gCathair Saidhbhín.
Iarrtar ar thuismitheoirí fanacht leis na páistí.
Satharn 30 Iúil
12.30-2.30 Ceardlann/Seisiún Amhránaíochta
2.30-5.30 Seisiún Ceoil le Marion Cournane & a cairde
2.30-5.30 Pop-Up Gaeltacht - Labhair Gaeilge Linn!
Shebeen Bar - Ceol, Amhráin & Dreas Cainte!
(Bandaí muinchille na Féile riachtanach)
Domhnach 31 Iúil
11.30rn - Aifreann le Ceol Gaelach & le h-iomainn as Gaeilge.

Ceiliúradh Mhic Easmainn '22
Lios Mhic Easmainn, Ard Fhearta
Dé Sathairn, 6 Lúnasa 2022 ag a 3.00 p.m.
Tabharfaidh Mícheál Ó Ruairc, údar agus file, aitheasc cainte i gcuimhne ar Ruairí Mac Easmainn, Tírghráthóir, Gael, agus daonchosantóir bhochtáin na cruinne.
Donnchadh Ó hAodha, cathaoirleach Dháil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ócáid.
Gach eolas ó padraigmacfhearghusa@gmail.com

Pop-Up Gaeltacht
Óstán Meadowlands, gach Céadaoin
Ciorcal / Pop-Up Gaeltacht i dtábhairne an Óstán Meadowlands, ar an gCéadaoin seo 27 Iúil @ 9.30 pm chun an ‘samhradh’ a cheiliúradh
Gach eolas ó padraigmacfhearghusa@gmail.com

Ciorcal Comhrá i dTrá Lí
Óstán Meadowlands, gach Céadaoin
Bíonn Ciorcal Comhrá in Óstán Meadowlands ar siúl gach oíche Chéadaoine i dTrá Lí ag ar a 8.30 pm. Fáilte is fiche roimis daoine nua.
Gach eolas ó padraigmacfhearghusa@gmail.com
Pádraig Mac Fhearghusa agus Nóirín Ó Dálaigh,
Craobh Thrá Lí, Conradh na Gaeilge.

Sraith Léachtaí i nDún Chíomháin
Cora cinniúnacha i stair na hÉireann agus a rian ar Chorca Dhuibhne. 7.00-8.00pm ar Zúm. Cláraigh ag www.tinyurl.com/StairChorcaDhuibhne
21 Deireadh Fómhair: Scoileanna, beairicí agus cúirteanna - institiúidí an stáit agus gnáth-mhuintir na hÉireann idir 1820 agus an Gorta : An tOllamh Alan Titley.
4 Samhain: Oidhreacht Chorca Dhuibhne i lámhscríbinní déanacha na Gaeilge : Dr. Niall Ó Ciosáin.
11 Samhain: Ciarraí agus Corca Dhuibhne in aimsir Dhónaill Uí Chonaill 1775-1847 : Comhollamh Meidhbhín Ní Úrdail.

Seimineár an Oireachtais 2021
Éire Nua agus an Ghaeilge
Deiseanna & Dúshláin in Éirinn Aontaithe
30 Deireadh Fómhair 2:30i.n
Ionad Ché an Adhmhaid | Rogha fíorúil ar fáil
Cláraigh: cearta@cnag.ie
#OnaS21 #ÉireNua

Féile Litríochta Chorca Dhuibhne
Corca Dhuibhne 19 - 21 Samhain 2021
Beidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ag teacht go Corca Dhuibhne chun plé a dhéanamh ar an bhfoilseachán is déanaí dá chuid, Reclaiming the European Street.
Sa chnuasach óráidí ar théamaí Eorpacha seo, tugann sé suntas don mheath atá tagtha le déanaí ar an dlúthpháirtíocht, an méadú ar éagothroime agus leagann béim ar a thábhachtaí atá sé féachaint siar sa stair chun ceachtanna a fhoghlaim don am i láthair.

Sraith Léachtaí i nDún Chíomháin
Cora cinniúnacha i stair na hÉireann agus a rian ar Chorca Dhuibhne. 7.00-8.00pm ar Zúm.
Cláraigh ag www.tinyurl.com/StairChorcaDhuibhne
16 Meán Fómhair: Teacht na Críoctaíochta go hÉirinn agus a rian ar Chorca Dhuibhne leis an Ollamh Dáibhí Ó Cróinín.
23 Meán Fómhair: Thar cuan isteach. Rian na Lochlannach in iarthar na hÉireann agus na hEorpa sa luath-ré leis an ollamh Máire Ní Mhaonaigh.
30 Meán Fómhair: Teacht na Normannach go hÉirinn agus leargas ar Chorca Dhuibhne le Seán Ó lubhaing, staraí áitiúil.

Siúlóid i gCill Áirne
Siúlóid - Cill Airne
Dé Sathairn, 18 Meán Fómhair, ag a 11.00 am
Tá siúlóid treoraithe beartaithe ag Risteard Mac Fhlancaigh i gCill Airne ar an Satharn, 18 Meán Fómhair 2021 ag a 11.00 am
Tosnófar ag Deenagh Lodge, trasna an bhóthair ón ardeaglais.
Saor in aisce do lucht na Gaelainne! Tapaidh an deis! Tá an scamall ag éirí!

Cruinniú cinn bhliana
Craobh Thrá Lí, 22 Meán Fómhair, ar a 8.00pm
Cruinniú cinn bhliana – nóta dialainne. Tá cruinniú cinn bhliana Chraobh Thrá Lí den Chonradh beartaithe don Chéadaoin, an 22 Meán Fómhair 2021 ag a 8.00 pm
Tabharfaidh séo deis dúinn ciorcal gearr comhrá a bheith againn ina dhiaidh. (Beidh maolú eile ar shrianta cóivid dhá lá roimhe sin.)

Ceiliúradh Mhic Easmainn 2021
Lios Mhic Easmainn, Ard Fhearta
Dé Sathairn, 7 Lúnasa 2021 ag a 3.00 p.m.
Tabharfaidh an Dr. Tim Horgan aitheasc cainte
i gcuimhne ar Ruairí Mac Easmainn, Tírghráthóir, Gael,
agus daonchosantóir bhochtáin na cruinne
Donnchadh Ó hAodha, cathaoirleach Dháil na Mumhan
de Chonradh na Gaeilge a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ócáid.
Is féidir le 200 a bheith i láthair ag imeachtaí faoin aer de réir treoracha rialtais.
Pádraig Mac Fhearghusa, Craobh Thrá Lí 087-2901154.

Léacht - Taitneamh & Saoirse na gCos
Léacht ó Shéamus Ó Máille ar Taitneamh & Saoirse na gCos - cur síos ar shult na siúlóide i gcéin agus i gcongar ó éiceolaí, údar agus comhfhreagraí dúlra Feasta. Á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Ciarraí, i bpáirt le scríbhneoirí na Gaeilge le cúnamh ó Foras na Gaeilge.
Zoom Dé Céadaoin, 2 Nollaig 2020 ag a 8.00 p.m.
Gach eolas - Pádraig Mac Fhearghusa, 087-2901154.
Coiste Contae Chiarraí - P. Mac Fhearghusa, S. Ó Máille, M. Ó Raghallaigh, R. Mac Fhlannchaigh & C. Ó Conchubhair.

Amhráin Mhúscraí
Léacht ar Amhráin Dúchais Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí le Cormac Ó hAodha á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Ciarraí i bpáirt le scríbhneoirí na Gaeilge le cúnamh ó Foras na Gaeilge.
Is as Cúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí ó dhúchas do Chormac Ó hAodha. Tá sé ag obair mar léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Traidisiún amhránaíochta Mhúscraí is ábhar don tráchtas PhD atá á ullmhú aige faoi láthair i Roinn an Bhéaloidis i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá sé mar eagarthóir ar an iris Feasta ó mhí Eanair 2020.
Zúm Dé Céadaoin, 18 Samhain 2020 ag a 8.00 p.m.

Féile Lit. an Daingin
Tá cáil ar an Daingean i bhfad agus i ngearr as a fhéilte, agus ós rud é go raibh a chion féin de thrioblóidí aige i mbliana is cúis áthais don bhaile anois é go mbeidh an fhéile is úire dá chuid, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, ar siúl i mí na Samhna.
Beidh aird á tarraingt ag Féile Liteartha Chorca Dhuibhne ar an mbaile seo in Iarthar Chiarraí arís ón 20 Samhain go dtí an 22 Samhain, agus cuirfear fearadh na fáilte roimh údair, filí agus foilsitheoirí chuig an bhféile fhíorúil seo, a chuirfidh eispéireas idirghníomhach uaillmhianach faoi bhráid an tsaoil.

Oireachtas na Gaeilge
Seimineár an Oireachtais ar líne Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair, ag 15.00 ag www.cnag.ie/beo. Pléifear an baol do na Coláistí Samhraidh Gaeltachta agus cad is féidir déanamh le teacht i gcabhair orthu.
Jack Chambers, TD, Príomhaoire & Aire Stáit na Gaeltachta & an Spóirt
Máire Denvir, Coláiste Chamuis & CONCOS. An Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta - Cathaoirleach. Seolfar moltaí an Chonartha do Pholasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithiochta sa Ghaeltacht roimh thús an tSeimineár.

Ranganna Gaeilge - Corca Dhuibhne
Más suim leat Cúrsa Comhrá Gaeilge TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge www.teg.ie) a dhéanamh, ag leibhéal ar bith, Glantosnaitheori-Ardleibhéal, i nDeireadh Fómhair na bliana seo i gCorca Dhuibhne. Eolas 066-9156100 Oidhreacht Chorca Dhuibne. Lá Measúnaithe don TEG á n-eagrú sa Daingean i mí Mheán Fhómhair.
Irish Language Conversation classes with TEG Accreditation (European Framework for Language Learning www.teg.ie), at every level from Beginner to Higher Level, will commence in October in Corca Dhuibhne/the Dingle area. An Assessment date for TEG will be organised for September.

#TóraíochtTaisce
Aimsigh agus ainmnigh taisce nó dhó ar na siúlóidí seo - Fásra, Ainmhithe, Struchtúr agus Logainmneacha, líon an bhileog tóraíochta ag Tóraíocht Taisce agus roinn saibhreas dúlra do cheantar-sa le teaghlaigh eile mórthimpeall na tíre.
Eolas agus bileoga tóraíochta ar fáil ó na hOifigigh Pleanála Teanga go háitiúil agus ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Bígí linn - bíonn siúlach scéalach!

Ceardlanna Oiliúna
Cuirfear ceardlann beo ar fáil ar ZOOM gach seachtain do chraobhacha agus cairde Chonradh na Gaeilge ón 28ú Iúil go dtí mí na Nollag. Ina measc...
-
Zoom agus uirlisí cumarsáide eile
-
Bundearadh ag úsáid uirlísí ar líne
-
Leideanna Instagram a TikTok
-
Conas físeán simplí a dhéanamh
-
Preasráiteas sa lá atá inniu ann
-
Stocaireacht - conas dul i bhfeidhm ar pholateoirí go háitiúil ... agus neart, neart eile.

An tSeachtain Oidhreachta 2020
Tá oifig An Chomhairle Oidhreachta ag lórg iarratais ó dhreamanna le Gaeilge i dtreo Seachtain Oidhreachta 2020. Toisc srianta tá siad ag iarradh ar dhaoine tionscadail a fhorbairt a bheidh daoine in ann breathnú orthu ar line.
‘Beidh an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta ar siúl ón 15 - 23 Lúnasa. Tugann an Chomhairle Oidhreachta cuireadh duit tionscadail oidhreachta a fhorbairt a bhaineann leis an téama ‘An Oidhreacht agus an tOideachas: ag foghlaim ónár nOidhreacht’ https://www.heritageweek.ie/ga/

Súil amach ar an saol
Súil amach ar an Saol - Taispeántas sleamhnáin ar fhiseán. Léirigh mar a mhothaíonn tú faoin athrú saoil! Tarraing nó scríobh a bhfuil le feiceáil nó in easnamh agus seol grianghraf go Zoë ag littlewolves@gmx.com