Gaeltacht agus Coláistí Samhraidh

Coláiste Bhréanainn

Baile an Bhuineánaigh

​Trí cúrsa cónaithe do bhuachaillí agus cailíní 10.5 go17 bl. gach samhradh. Clár iomlán gníomhaíochtaí ó mhaidin go hoíche. Ranganna spreagúla, páistelárnaithe atá bunaithe ar na modhanna múinte is déanaí.


Imeachtaí iarnóna: peil, sacar, cispheil, eitpheil, leadóg, ealaín, snámh, tóraíocht taisce, siúlóidí. Imeachtaí tráthnóna: céilí, díoscó, claisceadal, srl. Éagsúlacht mhaith bia agus raidhse de. Aidhm an Chúrsa: saoire thaitneamhach trí Ghaeilge.

eolas@colaistebbb.ie

061 400 987

Coláistí Chorca Dhuibhne

​Baile an Fheirtéaraigh

eolas@colaiste.ie

066 915 6100 

Colaiste Gaeilge an Leith-Triúigh

Mí Iúil 2018

Seans agat chun Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh le do leanaí i dtimpeallacht álainn Chlochán-Bréanainn idir chnoic agus farraige i gCiarraí Thiar. Imeachtaí spraoiúla do na leanaí, foghlaim ar do shuaimhneas.  

 

Gach eolas 066-7138137.

Course-options on offer:

  • Traditional Irish Music and Storytelling in Tínteán Ceoil – our Irish Cultural Experience Venue

  • Seaweed forgaging

  • Paddle Boarding

  • Fishing on the Wild Atlantic Way

Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

Ceann Eich, Cathair Saidhbhín

Bunaíodh Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh i 1998 mar scáth ghrúpa dos na coistí forbartha pobail Gaeltachta in Uíbh Ráthach i ndeisceart Chiarraí.  Ó shin i leith tá an comhlacht cláraithe, tá ionad lárnach dár gcuid féinig forbartha againn i gCeann Eich lámh leis an gCoireán, agus tá foireann curtha i mbun oibre ar ár bpleananna agus aidhmeanna a bhaint amach.

066 947 4888

ccnfteo@indigo.ie

Dún Chíomháin

Baile an Fheirtéaraigh

​Is lárionad ollscoile é a bhaineann le Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Bíonn cúrsaí Gaelainne is cultúir ar siúl ann do phobal na háite agus don phobal i gcoitinne. Is brú é chomh maith agus is féidir le 18 duine lóistín a fháil ann.

c.budhlaeir@ucc.ie

066 915 6136

Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Baile an Fheirtéaraigh

Tá taithí ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar Chúrsaí Gaeilge agus Oidhreachta a reáchtáil i gceantar Chorca Dhuibhne le nach mór 50 bliain. Deintear freastal ar fhoghlaimeoirí ag gach aon leibhéal chomh maith leis an gcainteoir líofa agus an té a bhfuil sainchúrsa Gaelainne ag teastáil uaidh. Deineann múinteoirí oilte an teanga a theagasc in atmaisféar cairdiúil taitneamhach i gceann des na ceantracha Gaeltachta is áille in Éirinn. Tugtar blaiseadh de litríocht, de chultúr, de stair is de sheandálaíocht do gach foghlaimeoir le linn dó a bheith in ár measc agus is féidir cúrsa ar leithligh a chur le chéile ar iarratas ó ghrúpaí scoile, ollscoile nó institiúide ar bith.

eolas@cfcd.ie
066 9156100

Please reload

test-2.png
Seol ríomhphost chugainn
  • Facebook Social Icon
  • Twitter Social Icon
  • Black Instagram Icon

Ríomhphost: eolas@ciarrai.com

This site was designed with the
.com
website builder. Create your website today.
Start Now