Litríocht

Feasta

Eagrán an Mhárta, 2019

Sprioclá Breatimeachta & Seachfhoinsiú Chúram na Gaeilge le Seán Ó Loingsigh

Dánta le Micheál Ó hAllmhuráin, Pádraig Ó Snodaigh

Na hÚdair, gearrscéal le Colin Ryan

Rianta Mhordáin le Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Réabhlóid na Rúise le hAindrias Ó Cathasaigh á léirmheas ag Marie Whelton

Gaois na nAoiseanna á léirmheas ag Risteard Mac Annraoi.

Amhráin Uíbh Ráthaigh 2

Peter Mullarkey & Seán Mac an tSíthigh

Sa dara imleabhar de ‘Songs of Iveragh/ Amhráin Uíbh Ráthaigh’ leantar leis an gcamchuairt chultúrtha trí thraidisiún amhránaíochta na leithinise seo i ndeisceart Chiarraí. Baineann na hamhráin atá sa leabhar seo leis an bpobal, an chosmhuintir, na gnáthdhaoine. Baineann na hamhráin le feirmeoirí, mná tí, iascairí, saora bád, laochra spóirt agus mórán eile nach iad. Caithtear solas ar théamaí éagsúla-bob a buaileadh le linn na Brídeoige, madraí fiaigh, imirce, Dónal Ó Conaill, cogaíocht, grá, crá croí agus uaighneas.

Is cuid de dhlúth agus inneach na háite na hamhráin seo. Cuid thábhachtach dár n-oidhreacht agus dár dtraidisiún an méid atá cumtha iontu. Tá siad tagtha chughainn mar bhronntanais ónár sinsir agus is féidir linn iad a úsáid mar eochair chun stair agus scéal ár bpobal féin a nochtadh. Iarracht atá sa bhfoilseachán seo ar chuid don scéal san, a bhí ligthe i ndearúd b’fhéidir, a thabhairt chun cuimhne arís. 

€15 an cóip. Gach eolas - Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

An Bhean Feasa

le Niamh Ní Lochlainn

Saolaíodh Niamh Ní Lochlainn sa bhliain 1964. Tógadh í le Gaolainn na Mumhan i mBaile Átha Cliath, mar a bhfuair sí a cuid bunscolaíochta agus meánscolaíochta tré Ghaeilge. Chaith sí samhraí a hóige i gCorca Dhuibhne, rud a spreag a cuid suime go mór sa béaloideas.

Maireann sí i bhfochair Ghobnatan i gceantar Mhúscraí faoi láthair. D’fhoilsigh Coiscéim leabhar filíochta dá cuid, An Guth ón dTobar sa bhliain 2003.

Scáil an Scéil

le Mícheál Ó Siochrú

Sa bhfoilseachán seo, tá caighdeán na teanga fíor-ard agus is léir go bhfuil tuiscint nach beag ag an fhile ar nádúr na filíochta. Tá eilimintí de thraidisiún na hÉireann ina gcrutha uile sna dánta seo: an creideamh, an scéalaíocht, an phágántacht, an mhiotaseolaíocht agus an léann clasaiceach idirnáisiúnta; bainfidh lucht léinn na Gaeilge sár-thaithneamh as a bhfuil curtha ar fáil ag an fhile ann.

Seo an ceathrú cnuasach filíochta ó Mhícheál Ó Siochrú; Gealach na gCoinlíní, An Spás Á Ghlanadh agus Rachlas na cinn eile. Foilsíodh úrscéalta chomh maith uaidh, Oidhre na Priaireachta agus An File.

Rugadh agus tógadh i mBaile an Sceilg, Uíbh Ráthach é i ngiorracht cúpla míle de thig Sheáin Uí Chonaill, ach thréig sé maidhm na bóchna blianta fada ó shin ar son mhonabhar na Sionainne i gCaisleán Ó gConaing, Co. Luimnigh. Tá duaiseanna éagsúla i gComórtais an Oireachtais gnóthaithe ag a chuid filíochta agus úrscéalta mar aon le duais ó Choiste Sheachtain na Scríbhneoirí.

An tAgallamh Muimhneach

le Seán Ó Muimhneacháin

Seod de leabhar é seo mar a bhfuil Agallaimh Bheirte, Lúbíní, Ceapóga is Amhráin Saothair don té is óige go dtí an té is sinne inár measc. Tá mórán gnéithe de shaol an duine pléite is cíortha san obair mar atá an coileáin is na misleáin,  an tsamhlaíocht is an sclábhaíocht, an mairnéalaigh is giúirléid, na scoláirí is na miorúiltí, na comhairleoirí  is na cuairteoirí, an meisceoir is an staonaitheoir, an céasadh is an pósadh is fiú an t-Agallamh Beirte a thug an sway leis do mhuintir Pharóiste Mórdhach ag Stáitse na nÓg anuraidh An Geimhreadh is An Samhradh agus gan dabht níor fhág an Muimhneachánach Corcaíoch  na an Ciarraíoch ar lár ach chomh beag.

 

Bhronn an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar Sheán leis an saothar a fhoilsiú. Is iad Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhoilsigh an saothar agus tá sé ar díol ar €25.00

Breis eolais 066 9156100 nó cfcd@cfcd.ie

Feasta

Eagrán na Samhna 2018

Contúirtí na Teorann Crua le Seán Ó Loingsigh

 

Dánta le Máire Ní Bhriain, le Gabriel Rosenstock, 

le Micheál Ó hAllmhuráin agus le Ralph de Prendergast.

 

An Fharraige le Colin Ryan

Please reload

test-2.png
Seol ríomhphost chugainn
  • Facebook Social Icon
  • Twitter Social Icon
  • Black Instagram Icon

Ríomhphost: eolas@ciarrai.com

This site was designed with the
.com
website builder. Create your website today.
Start Now