Seachtain na Gaeilge 1-17 Márta 2018

An fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain! Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain

Tugann an fhéile deis do gach éinne sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal ar aon, trí fhéilire imeachtaí siamsúla agus spraíúla a chur ar fáil do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa.

Is le gach duine an Ghaeilge, is le gach pobal Seachtain na Gaeilge – Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!

Ciorcal Comhrá Thrá Lí

Dé Céadaoin 7 Márta 8.30pm

Ciorcal Comhrá seachtainiúil le Conradh na Gaeilge i dTrá Lí.  Beidh caint agus comhrá ar ábhar spéisiúil an tseachtain seo agus Bliain na tSneachta Mhóir 1894 i Lios a' Phúca ó Bhailiúchán na Scol idir laimhe. Bígí linn san Óstán Meadowlands, Trá Lí  Dé Céadaoin an 7 Márta.

Ceardlann Puipéad

Dé Máirt 13 Márta 3:30pm

Ceardlann agus Seó Puipéad do leanaí le Seán Ó Laoghaire in ionad Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ciarraí Theas. Bíonn ana-chraic ag an ócáid seo a bheas ar siúl i mbliana ón 3.30-5.30 agus Seó Puipéad go dtí'n 6.00in. €3 chun íoc as ábhar. Le tacaíocht Oifig Gaeilge Comhairle Contae Chiarraí agus urraithe ag Éire Ildánach mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

Ciorcal Comhrá Oileán Ciarraí

Dé Máirt 13 Máta 7.30in.

Cúpla focal agus cupán tae ag Ciorcal Comhrá. 

Bígí linn gach Dé Máirt in Ionad Spóirt na Ríochta in Oileán Ciarraí óna 7.30 - 9.00in.

 

Gach eolas Éamonn Ó Braoin 7141068.

Ciorcal Comhrá Neidín

Dé Máirt 13ú Márta 8.00in.

Crowley's Bar, Sráid Aonraí, An Neidín  - 8in - gach ré Mháirt.  Beidh an chéad ciorcal eile againn ar an 13ú Márta 2018.

 

Tuilleadh eolais -  Eibhlín  (087) 6543457  (064) 6642095

Craic sa Cheaintín

Dé Céadaoin 14 Márta 5.00pm

Ceol, sóláistí, tráth na gceist boird and neart craic sa Cheaintín. Sea, is anseo a bheidh an gabhar á róstadhag foireann na Comhairle Contae, ár gcairde atá ar scor agus cairde na nGael.  Beidh go leor spot-duaiseanna ar fáil agus gan dabht príomh-dhuaiseanna don bhfoireann is fearr sa Tráth na gCeist CRAICEÁLTA!

Léacht ar Logainmneacha

Dé Céadaoin 14 Márta 8.30pm

Léacht & Oíche Cheoil

Beidh an t-eolaí ar ár logainmneacha, Breandán Ó Cíobháin, san Óstán Meadowlands, Seomra Lios Beag, Trá Lí, ag a 8.30 p.m. ar an gCéadaoin 14 Márta, mar a roinnfidh sé a chuid eolais ar an gciorcal comhrá, agus ar dhuine ar bith eile ar suim leis nó léi an ghné seo d’ár n-oidhreacht. Saorchead isteach. Ceiliúradh agus blaisíní leis an bpíobaire Dáithí Ó hÉigeartaigh, Ciarán Daltúin agus a gcairde ceoil sa bheár dá éis.

Maidin Chaifé

Déardaoin 15 Marta 10.00am

Maidin Chaifé i Leabharlann Thrá Lí Déardaoin an 15 Márta ar a 10rn. arna eagrú ag Scoláirí Ghaelcholáiste Chiarraí.  Beidh fáilte roimh chách.

Céilí Glas Sheachtain na Gaeilge

Dé hAoine 16 Márta 7.30pm

Céilí Glas Sheachtain na Gaeilge i gColáiste na Sceilge, Cathair Saidhbhín, Ciarraí Theas. Ócáid spraoíúl don bpobal ar fad.  Bígí linn agus tugaigí libh bhur mbróga rince! Ag tosnú ag 7.30. Le tacaíocht Oifig Gaeilge Comhairle Contae Chiarraí agus urraithe ag Éire Ildánach mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018.

Lá Fheile Pádraig i Lios Tuathail

Dé Sathairn 17 Márta 11.00rn

11.00  Aifreann as Gaeilge beo ar RTÉ1

12.00  Ceol, craic agus damhsa sa Chearnóg

12.45  RITH 2018 - ag tosnú i bpáirc an bhaile

12.50  Paráid Lá Fhéile Pádraig le Eoin McMahon mar fhear an tí

14.00  Críoch RITH le Mícheál Ó Muircheartaigh agus teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó HUigín

14.30  Bronnadh gradam agus fáiltiú roimh RITH, le ceol ó Chomhaltas Lios Tuathail & 5 seisiún áitiúil

15.30  Rambling House sa Seanchaí

Please reload

An bhfuil imeacht agat do Sheachtain na Gaeilge i gCiarraí?

Ar mhaith leat é a thaispeáint anseo??

Seoil d'imeacht do Sheachtain na Gaeilge go... gaeilge@ciarrai.ie

Please reload

test-2.png
Seol ríomhphost chugainn
  • Facebook Social Icon
  • Twitter Social Icon
  • Black Instagram Icon

Ríomhphost: eolas@ciarrai.com

This site was designed with the
.com
website builder. Create your website today.
Start Now