
Béaloideas
Ní bréag í an fhírinne
Cathair Conraoi
Éiríonn le Cú Chulainn iníon Rí Uíbh Fháilghe, Bláthnaid a shaoradh ó Chú Roí Mac Dáire ach is iomaí casadh ar an scéal seo.
An Com, lámh le Tráigh Lí. (F)

Cath Fionntrá
Cath inar sháraigh Fionn Mac Cumhaill ‘s na Fianna fórsaí an domhain fén Rí Dáire Donn.
Ceann Trá, Corca Dhuibhne, Ciarraí Thiar. (F)
Amhairghinn
Bard Chlanna Míle ó Ghalicia na Spáinne a ghairm cumhachtaí an domhain tráth a ghabhadar Éirinn ón Tuatha De Danann.
An Coireán, Uíbh Ráthach. (M)
Inbhir Sceine
Thit Scéine, bean Amhairghin, sa chath idir Clanna Míle agus an Tuatha Dé Danann. D’fhógair an Bard go n-ainmneofaí an áit álainn aoibhinn seo.
Inbhir Scéine, Neidín, Ciarraí Theas. (M)
Gleann Scoithín
Scotia, Iníon Faró na hÉigipte a tháinig i dtír le Clanna Míle sa Choireán in Uíbh Ráthach. Cailleadh í sa chath i gcoinne na Tuatha Dé Danann.
Sliabh Mis, Tráigh Lí. (M)
Bealach Oisín
Is anso a thit Oisín, mac Shadhbh agus Fhinn Mhic Cumhaill, an laoch deireanach de Na Fianna, óna chapall théis dó filleadh as Tír na nÓg.
Cillín Liath, Uíbh Ráthach, Ciarraí Theas. (F)
Cuas an Bhodaigh
Rás idir Bodach an Chóta Lachna agus Caol an Iarainn ó Bheann Éadair go Cuas an Bhodaigh.
Feothanach, Corca Dhuibhne, Ciarraí Thiar. (F)
Abha na Feile
Féil – bean shuáilce a chailleadh de dheasca náire nuair a chonac a fear céile Lugnaigh í ag snámh lom nocht in Abha na Féile.
An Fhéil, Lios Tuathail, Ciarraí Thuaidh. (M)
Sron Bhroin (Bran)
Trasnaíonn an fathach Bran muir na hÉireann de shiúl na gcos len a airm chun a dheirfiúr Branwen a shaoradh. Síníonn a chorp siar ó Shrón Bhroin go Más an Tiompáin agsu Cnoc Bréanainn.
Srón Bhroin, An Leitriúich, Ciarraí Thiar. (M)

(F) = Scéalta Fiannaíochta
(CM) = Scéalta Chlanna Míle
(M) = Scéalta Mabinogion na Breataine Bige