top of page

Solas do Pháistí Gaza

Heading 1

AR AN gCÉADAOIN 1ú BEALTAINE ar a 9.30 i.n. tá 'Gaeil ar son Gaza' ag iarraidh ar dhaoine fud fad na hÉireann coinneal a lasadh ar son gach páiste atá maraithe ag Iosrael i nGaza.

Seasann an figiúr sin ag breis is 14,000 agus é ag méadú in aghaidh an lae, gan trácht ar na mílte eile atá caillte faoin smionagar. Meastar 30,000 páiste a bheith gonta agus 17,000 ina ndílleachtaí. De dheasca cosc Iosrael ar sholáthairtí bia agus uisce, deir an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil duine as gach triúr páiste faoi 2 bhliain d'aois i nGaza anois míchothaithe agus tá a fhianaise sin le feiscint ina gcolainneacha ídithe.

Lena gheallúint roimhré go lasfaidh tú coinneal, táimid ag iarraidh síntiús ar bith is acmhainn duit (€5 molta, ach beimid buíoch as níos lú nó níos mó) 

 

Raghaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar chuig an eagraíocht Palestine Children's Relief Fund, atá lonnaithe sa Phalaistín.

Ar an 1ú Bealtaine, pé an mbeidh tú ag lasadh do choinnle sa mbaile le do theaghlach, nó ag cruinniú ag d'Imearlann áitiúil (rud atá beartaithe ag daoine mar ghníomh siombalach), tóg grianghraf nó físeán gairid agus postáil ar do chuntas sóisialta féin é. Ansin roinn linn é ar ár gcuntais, mar a leanas:

Is iontach an gníomh dlúthpháirtíochta le pobal creachta na Palaistíne a bheidh i lasadh na mílte coinneal in éineacht, agus léireoidh sé go ndiúltaímíd don mbás agus an sceimhle atá á bhrú ag Iosrael ar pháistí na Palaistíne.

Cé sinn? Gaeil ar son Gaza

Is grúpa deonach sinn atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge.

Pic - Gaeil ar son Gaza.png
bottom of page