top of page
IMG_20190521_103316.jpg

Saoire

Port_Láirge.jpg

Na Déise

8-15 Lúnasa 2020

Saoire do theaghlaigh i nGaeltacht na nDéise. Beidh dhá dheireadh seachtaine do theaghlaigh ag Glór na nGael i gcomhpháirtíocht le Coláiste na Rinne i rith Feabhra 2020, ceann do theaghlaigh le Gaeilge 14-16 Feabhra, 's ceann d'fhoghlaimeoirí & teaghlaigh le Gaeilge 21-23 Feabhra.  Eolas - 083 445 5914.  

Póstaer-Saoire-Gaeltachta-2020-Corca-Dhu

Corca Dhuibhne

8-15 Lúnasa 2020

Saoire Gaeltachta do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge chun aithne a chur ar theaghlaigh eile trí Ghaeilge (níl sé oiriúnach do d'foghlaimeoirí). Réimse leathan imeachtaí atá oiriúnach do gach aois - marcaíocht capaill, surfáil, siúlóidí, turas go uisceadán, ceardlanna rince 's amhránaíochta, tráth na gceist, BBQ srl!  Gach eolas - 083 445 5914.  

Grúpa_sa_Ghaeltacht.jpg

Uíbh Ráthach

Iúil - Lúnasa 2020

Tá Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh ag eagrú cúrsaí samhraidh do theaghlaigh 'Saoire as Gaeilge' ó 2013 i leith agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhíonn ag freastal orthu bliain i ndiaidh bliana!

Cúrsa 1 : 11-17 Iúil 2020

Cúrsa 2 : 25-31 Iúil 2020

Cúrsa 3 : 8-14 Lúnasa 2020

Breizh.jpg

Turas go Breizh

14 -19 Meán Fómhair 2020

Tá turas suimiúil go dtí an Bhriotáin beartaithe ag Dáil na Mumhan den Chonradh níos déanaí i mbliana, i mí Mheán Fómhair. Tá liosta lóistín don óstán i Guincamp ann cheana féin agus ní mór clárú roimis an 1 Márta 2020. Eolas - Donnchadh Ó hAodha (087) 242 1267. Kenavo (Slán) 

_MG_5638 (cropped).jpg

Clochán-Bréanainn

15 - 19 Iuil 2020

Coláiste Gaeilge an Leith-Triúigh. Cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, daltaí scoile agus leanaí. I mbliana, tabharfar seans do dhaltaí ard-taitneamh a bhaint as maireachtaint sa Ghaeltacht trí taispeántais chócaireachta ó Scoil Chocaireachta an Daingin, turasanna mara ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Duántacht Bhréanainn, ceol traidisiúnta sa Tinteán Ceoil agus cnocadóireacht is seandálaíochta i ngleann fíor-álainn Loch a’ Dúin. Eolas 066-7138137

bottom of page