
Féilte le Gaeilge
AN DAINGEAN Ó CHIAN
Samhain i gCorca Dhuibhne
Tar éis a fheabhas ar fad a d’éirigh leis an gcéad fhéile in 2019, is cúis áthais do Dingle Lit slua iontach eicléicteach d’údair agus d’imeachtaí a fhógairt d’Fhéile Liteartha 2020, a bheidh ar siúl ón 20 go dtí an 22 Samhain. Is é a bheidh á thairiscint ag An Daingean ó Chian ná rogha imeachtaí beo ar líne, ina ndéanfar scríbhneoirí as Éirinn agus ón iasacht a cheiliúradh, agus ina mbeidh filíocht, drámaíocht agus ceardlanna scríbhneoireachta cruthaithí á dtairiscint.
ÉIGSE NA BRÍDEOIGE
Feabhra in Uíbh Ráthach
Féile chultúrtha a eagraítear ar an gcéad dheireadh seachtaine de mhí Feabhra chun traidisiún na Brídeoige agus teacht an earraigh a cheiliúradh. Bíonn téama éagsúil ann gach bliain a dheineann ceiliúradh agus iniúchadh ar oidhreacht shaibhir chultúrtha agus sóisialta an cheantair. Bíonn léachtanna, seimineáir, trusanna, ceol, amhráin agus filíocht ar siúl in áiteanna éagsúla i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i gCiarraí Theas
